Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 23:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ná scaoil scéal bréagach. Ná tabhair lámh chúnta do dhrochdhaoine le fianaise urchóideach.

2. Ná gabh ar thaobh an mhóráirimh i gcúis éagórach agus ná claon leis an slua agus fianaise a thabhairt in aghaidh na córa.

3. Ná claon an bhreith ar son an bhochtáin i gcúis dlí.

4. Má bhuaileann tú le damh nó le hasal do namhad ag dul amú, tabhair ar ais chuige é.

5. Má fheiceann tú asal fear d'fhuatha ar lár faoina ualach, in áit é a sheachaint, téigh i gcabhair air á thógáil.

6. Ná déan éigean ar chearta aon bhochtáin libh ina chaingean.

7. I bhfad uait aon chúis bhréagach, agus ná cuir chun báis an fíréan ionraic óir ní scaoilfidh mise saor an ciontach.

8. Ná glac breab, óir dallann breab daoine géara, agus milleann sí cúis na n‑ionraic.

9. Ná déan leatrom ar an deoraí; is aithnid duit croí an deoraí, óir ba dheoraithe sibh i dtír na hÉigipte.

10. Cuir d'fhearann ar feadh sé bliana, agus cruinnigh a fhómhar,

11. ach an seachtú bliain fág ina bhranar é gan saothrú, i dtreo go bhféadfaidh bochta do phobail bia a fháil uaidh, agus go bhféadfaidh na hainmhithe allta a bhfuílleach a bheith acu mar bhia. Déan mar an gcéanna leis an bhfíonghort agus leis an doire ológ.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 23