Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 22:21-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Ná ciap baintreach ná dílleachta.

22. Má dhéanann tú iad a bhuaireamh agus go dtagann a nglao chugam, éistfidh mé leo, éistfead sin.

23. Adhnfaidh m'fhearg agus maróidh mé sibh leis an gclaíomh, agus fágfar bhur mná gan chéile agus bhur gclann gan athair.

24. Má thugann tú iasacht airgid d'aon bhochtán de mo phobal le d'ais, ná himir cleas an úsaire air agus ná héiligh ús uaidh.

25. Má thogann tú riamh brat duine mar gheall tabhair ar ais dó é roimh luí na gréine;

26. óir sin a bhfuil aige d'éadach, sin é an brat a bhíonn faoina chorp aige, agus cad eile atá aige le codladh ann? Agus má ghlaonn sé orm, tabharfaidh mé cluas dó, mar is truachroíoch mé.

27. Ná tabhair masla do Dhia ná mallacht do rialtóir ar do phobal.

28. Na bí mall ag ofráil ó lánmhaire d'urláir bhuailte ná ó mhaol do chantaoir fhíona. Ofráil céadghinte do mhac dom chomh maith.

29. Déan mar an gcéanna le d'eallach agus le do chaoirigh; fanadh an chéadghin seacht lá lena mháthair; ar an seachtú lá tabhair domsa é.

30. Beidh sibh in bhur ndaoine coisricthe domsa; uime sin ná hithigí feoil a stollfaidh na hainmhithe allta san fhásach; caithigí chun na madraí í.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 22