Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 22:2-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. más tar éis bhreacadh an lae é, beidh éiric ann dó. Ach tá cúiteamh iomlán le déanamh, agus mura bhfuil aon mhaoin aige, ní foláir é a dhíol d'fhonn íoc as ar ghoid sé.

3. Má fhaightear an t‑ainmhí a goideadh ina bheatha aige, cibé acu damh nó asal nó caora é, íocadh sé faoi dhó.

4. Nuair a chuireann duine a stoc ar féarach i bpáirc nó i bhfíonghort, nó go ligeann sé dá ainmhithe fosaíocht i bpáirc duine eile, déanadh sé cúiteamh [ar son an fhéaraigh a hitheadh den pháirc. Ach má cheadaigh sé an pháirc go léir a ithe, déanadh sé cuiteamh] de réir an toraidh is fearr a bhí riamh ar pháirc nó ar fhíonghort an duine ar a ndearna sé an éagoir.

5. Nuair a leathann tine agus go gcuireann sí driseacha faoi bharr lasrach agus go ndónn sí stácaí arbhair nó an t‑arbhar ina sheasamh, an té is cúis leis an tine, déanadh sé cúiteamh iomlán.

6. Má thugann duine airgead nó maoin do dhaoine eile le taisceadh, agus go ngoidtear as a theach é, díoladh an gadaí as faoi dhó.

7. Mura mbeirtear ar an ngadaí, caithfidh úinéir an tí mionn a thabhairt i láthair Dé nár leag sé lámh ar mhaoin a chomharsan.

8. I gcás gach feall ar iontaoibh, maidir le damh nó asal nó caora, nó éadach, nó aon ní a fuarthas caillte dá nduradh faoi ‘seo é’, tagadh cúis na beirte os comhair Dé; an té ar a dtabharfaidh Dia daorbhreith, caithfidh sé dúbailt a íoc leis an duine eile.

9. Má chuireann duine asal nó damh nó caora nó aon ainmhí faoi chúram duine eile, agus go bhfaigheann sé bás nó go leontar é nó go bhfuadaítear, gan finné,

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 22