Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 21:6-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Ansin tabharfaidh a mhaistir chun Dé é, á threorú chun an dorais nó na tairsí. Cuirfidh a mháistir poll ina chluais le meana, agus beidh sé ag fónamh dó lena shaol.

7. Má dhíolann fear a iníon mar dhaoirseach, ní imeoidh sí saor dala an daoir fir.

8. Mura dtaitníonn sí lena máistir a d'áirithigh dó féin í, ansin ligfidh sé í a fhuascailt; ní bheidh aon cheart aige í a dhíol le pobal deoranta, mar go raibh sé mídhílis di.

9. Más dá mhac a d'áirithigh sé í, cuirfidh sé cóir iníne uirthi.

10. Má ghabhann sé bean eile chuige, ní laghdóidh sé ar a bia, a deoch ná a cearta céile.

11. Má dhiúltaíonn sé na trí rudaí sin di, ní miste di imeacht léi, saor, in aisce.

12. Cibé a bhuaileann duine agus go bhfaigheann sé bás, ní foláir é a chur chun báis.

13. Murar fhan sé in eadarnaí air, ach gur sheol Dia ina lámha é, ansin ainmneoidh mé duit áit a bheidh ina thearmann dó.

14. Ach má leomhann duine a chomharsa a ionsaí d'aon ghnó agus a mharú le feall, ní foláir duit é a bhreith fiú ó m'altóir chun a mharaithe.

15. An té a bhuailfidh a athair nó a mháthair, ní foláir é a chur chun báis.

16. An té a fhuadaíonn fear - cibé acu a dhíolann sé é nó go bhfaightear ina sheilbh é - ní foláir é chur chun báis.

17. An té a chuireann mallacht ar a athair nó ar a mháthair, ní foláir é a chur chun báis.

18. Má bhíonn aighneas idir daoine agus go mbuaileann fear fear eile le cloch nó lena dhorn, agus nach bhfaigheann an fear sin bás, ach go dtugann sé an leaba air féin,

19. rachaidh an té a bhuail é saor má éiríonn [an fear leonta] arís agus go siúlann sé fiú lena bhata. Ní foláir dó an t‑am a chuaigh amú air a chúiteamh leis agus a bheith ina chúram go mbíonn sé slán folláin.

20. Má bhuaileann fear a dhaor nó a dhaoirseach, agus go bhfaigheann an duine bás faoina láimh, caithfidh sé an éiric a dhíol.

21. Ach má mhaireann an duine lá nó dhó, ní chaithfidh sé aon éiric a dhíol, óir is é chuid cheannaigh é.

22. Má leonann lucht imris bean throm agus go scarann sí lena gin, ach nach mbíonn deasca uirthi, díoladh an ciontach an éiric a éileoidh a céile; díoladh sé ar bhreith na mbreithiúna.

23. Ach má leanann deasca, ansin tabharfaidh tú anam ar anam,

24. súil ar shúil, fiacail ar fhiacail, lámh ar láimh, cos ar chois,

25. do ar dhó, goin ar ghoin, buille ar bhuille.

26. Má bhuaileann fear a dhaor nó a dhaoirseach sa tsúil, agus í a chur ó mhaith, scaoileadh sé saor an duine sin ar son na súile.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 21