16. Ná tabhair fianaise bhréige in aghaidh do chomharsan.
17. Ná santaigh teach do chomharsan; ná santaigh bean do chomharsan, ná a dhaor ná a dhaoirseach, ná a dhamh ná a asal, ná aon ní is leis.”
18. Bhuail scéin is critheagla an pobal go léir leis na toirneacha, agus na tintreacha, agus glór an trumpa, agus deatach an tsléibhe agus sheasadar i bhfad siar.
19. “Labhair féin linn,” a dúradar le Maois, “agus éistfimid leat; ach ná labhraíodh Dia linn, nó caillfear sinn.”
20. Agus dúirt Maois leis an bpobal: “Ná bíodh eagla oraibh óir tháinig an Tiarna d'fhonn sibh a phromhadh, agus go mbeadh a eagla os comhair bhur súl agaibh agus nach ndéanfadh sibh peaca.”
21. D'fhan an pobal i bhfad siar dá bhrí sin agus dhruid Maois leis an scamall tiubh dorcha mar a raibh an Tiarna.
22. Dúirt an Tiarna le Maois: “Abair é seo le clann Iosrael:Chonaic sibh féin gur labhair mé libh ó neamh.
23. Ní dhéanfaidh sibh déithe airgid ná déithe óir le cur ina seasamh le mo thaobh, ná ní dhéanfaidh sibh a leithéid daoibh féin.
24. Altóir chré a thógfaidh sibh dom agus déanfaidh sibh bhur íobairtí loiscthe agus síochána ó bhur dtréada agus ó bhur dtáinte, a ofráil dom uirthi. Cibé áit ina mbeidh cuimhne ar m'ainm á dhéanamh, tiocfaidh mé chugat le beannacht duit.
25. Más altóir chloiche a dhéanfaidh tú dom, ní thógfaidh tú í de chlocha snoite; óir má bhíonn uirlis agat á himirt uirthi, beidh sí a truailliú agat.