Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 20:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Labhair Dia na briathra seo go léir. Dúirt sé:

2. “Mise an Tiarna do Dhia a thug thú amach as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse.

3. Ná bíodh aon déithe eile agat i mo láthair.

4. Ná déan duit féin aon íomhá ghreanta, ná cosúlacht aon ní dá bhfuil ar neamh thuas, ná ar talamh thíos, ná sna huiscí atá faoin talamh.

5. Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé,

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 20