Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 18:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Chuala Iatró, sagart Mhidián, a raibh déanta ag Dia do Mhaois agus d'Iosrael a phobal agus conas mar a thug an Tiarna Iosrael amach as an Éigipt.

2. Tar éis í a bheith curtha chun siúil, thóg Iatró athair céile Mhaois, Zipiorá bean Mhaois

3. agus a beirt mhac. Bhí Géirsiom ar dhuine acu mar go ndúirt sé: “Is deoraí mé i dtír iasachta”;

4. agus bhí Eilíeizir (“Dia Mo Chabhair”) mar ainm ar an bhfear eile mar go ndúirt sé: “Dia m'athar mo chabhair mar d'fhuascail sé mé ó chlaíomh Fhorainn.”

5. Agus tháinig Iatró, athair céile Mhaois, chun Maois lena bheirt mhac agus lena bhean mar a raibh a champa aige san fhásach ag sliabh Dé.

6. “Seo chugat athair do chéile, Iatró, agus do bhean agus do bheirt mhac ina teannta,” a dúradh le Maois.

7. Amach le Maois in airicis athair a chéile agus shléacht sé dó agus phóg é; tar éis dóibh tuairisc sláinte a chéile a chur, chuadar isteach sa bhoth.

8. Ansin d'eachtraigh Maois d'athair a chéile a ndearna an Tiarna le Forann agus leis na hÉigiptigh mar mhaithe le clann Iosrael, agus a dtainig de chruatan orthu ar an mbealach agus conas a d'fhuascail an Tiarna iad.

9. Tháinig áthas croí ar Iatró de bharr a ndearna an Tiarna de mhaith d'Iosrael á bhfuascailt ó lámha na nÉigipteach.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 18