Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 16:25-35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

25. “Ithigí inniu é!” arsa Maois leo, “mar is sabóid don Tiarna an lá inniu; ní bheidh sé le fáil ar an mbán inniu.

26. Baileoidh sibh é sé lá, ach ar an seachtú lá, an tsabóid, ní bheidh sé ann.”

27. Ar an seachtú lá áfach chuaigh cuid den phobal amach chun é a bhailiú ach ní bhfuaireadar aon phioc.

28. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “An fada eile a dhiúltóidh sibh m'aitheanta agus mo dhlíthe a choimeád?

29. Féach! thug an Tiarna an tsabóid daoibh; uime sin tugann sé dóthain dhá lá de bhia daoibh ar an séú lá; fanadh gach duine agaibh mar a bhfuil sé; ná fágadh aon duine a bhaile ar an seachtú lá.”

30. Staon an pobal ó obair ar fad dá bhrí sin ar an seachtú lá.

31. Thug teaghlach Iosrael manna air; ba chosúil le síol coiriandair é, é bán agus blas air mar a bheadh ar abhlanna a dhéanfaí le mil.

32. Agus dúirt Maois: “Seo mar a d'ordaigh an Tiarna: ‘Líon ómar de le coimeád do shliocht bhur sleachta, i dtreo go bhfeicfidh siad an bia lenar bheathaigh mé sibh san fhásach nuair a thug mé amach ó thír na hÉigipte sibh.’ ”

33. Agus dúirt Maois le hÁrón: “Faigh crúsca agus cuir ómar manna ann agus cuir os comhair an Tiarna é, le coimeád do shliocht bhur sleachta.”

34. Rinne Árón mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois agus chuir sé os comhair na Fianaise é le coimeád.

35. Bhí an manna á ithe ag clann Iosrael ar feadh daichead bliain nó go dtángadar go críocha ináitribh. Bhíodar ag ithe an mhanna nó go dtángadar go teorainn Chanán.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 16