Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 16:18-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Nuair a thomhaiseadar é le hómar ansin, an té a chruinnigh breis ní raibh aon fhearasbarr aige; agus an té a chruinnigh níos lú ní raibh aon easnamh air. Bhí a sháith cruinnithe ag gach duine.

19. Dúirt Maois leo: “Ná fágadh aon duine aon chuid de go maidin.”

20. Ní dhearnadar rud ar Mhaois agus choimeád cuid acu roinnt de go maidin, ach tháinig cruimheanna ann agus boladh bréan uaidh; bhí fearg ar Mhaois chucu.

21. Maidin i ndiaidh na maidine dhéanaidís é a chnuasach, gach duine oiread agus a d'íosfadh sé, ach le teas na gréine leádh sé.

22. Ar an séú lá ansin chruinníodar a dhá oiread bia, dhá ómar an duine agus nuair a tháinig ceannairí an tslua agus a dúradar é sin le Maois,

23. dúirt seisean leo: “Seo mar a d'ordaigh an Tiarna: ‘Lá saoire iomlán an lá amárach, sabóid naofa don Tiarna. Bácálaigí a bhfuil le bácáil, beirigí a bhfuil le beiriú, agus a mbeidh fágtha, cuirigí i leataobh é go dtí amárach.’ ”

24. Chuireadar i leataobh é go dtí lá arna mhárach mar a d'ordaigh Maois; níor éirigh sé bréan ná níor tháinig cruimheanna ann.

25. “Ithigí inniu é!” arsa Maois leo, “mar is sabóid don Tiarna an lá inniu; ní bheidh sé le fáil ar an mbán inniu.

26. Baileoidh sibh é sé lá, ach ar an seachtú lá, an tsabóid, ní bheidh sé ann.”

27. Ar an seachtú lá áfach chuaigh cuid den phobal amach chun é a bhailiú ach ní bhfuaireadar aon phioc.

28. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “An fada eile a dhiúltóidh sibh m'aitheanta agus mo dhlíthe a choimeád?

29. Féach! thug an Tiarna an tsabóid daoibh; uime sin tugann sé dóthain dhá lá de bhia daoibh ar an séú lá; fanadh gach duine agaibh mar a bhfuil sé; ná fágadh aon duine a bhaile ar an seachtú lá.”

30. Staon an pobal ó obair ar fad dá bhrí sin ar an seachtú lá.

31. Thug teaghlach Iosrael manna air; ba chosúil le síol coiriandair é, é bán agus blas air mar a bheadh ar abhlanna a dhéanfaí le mil.

32. Agus dúirt Maois: “Seo mar a d'ordaigh an Tiarna: ‘Líon ómar de le coimeád do shliocht bhur sleachta, i dtreo go bhfeicfidh siad an bia lenar bheathaigh mé sibh san fhásach nuair a thug mé amach ó thír na hÉigipte sibh.’ ”

33. Agus dúirt Maois le hÁrón: “Faigh crúsca agus cuir ómar manna ann agus cuir os comhair an Tiarna é, le coimeád do shliocht bhur sleachta.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 16