Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 16:1-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Chuireadar chun siúil arís ó Éilím, agus shroich comhthionól uile chlann Iosrael fásach Shín, idir Éilím agus Síonái, ar an gcúigiú lá déag den dara mí tar éis dóibh an Éigipt a fhágáil.

2. Chrom comhthionól uile chlann Iosrael ar mhonabhar in aghaidh Mhaois agus Árón san fhásach,

3. agus deiridís leo: “Uch gan sinn a fháil bháis ó láimh an Tiarna i gcríocha na hÉigipte agus sinn inár suí ag potaí na feola agus ag ithe aráin go lán boilg. Óir thug tú amach san fhásach seo sinn chun an comhthionól go léir a chur chun báis den ghorta.”

4. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Anois fearfaidh mé arán anuas ó neamh daoibh. Rachaidh an pobal amach gach lá chun cuid an lae sin a chnuasach, d'fhonn iad a phromhadh féachaint an siúlfaidh siad i mbealaí mo dhlí nó nach ndéanfaidh siad.

5. Ag cóiriú a gcnuasaigh dóibh ar an séú lá, beidh dhá oiread a gcnuasaigh lae ann.”

6. Dúirt Maois agus Árón dá bhrí sin le pobal Iosrael go léir: “Tráthnóna an lae seo, beidh a fhios agaibh gurbh é an Tiarna a thug amach sibh ó thír na hÉigipte,

7. agus ar maidin feicfidh sibh glóir an Tiarna, óir chuala seisean bhur monabhar ina aghaidh - ní inár n‑aghaidhne an monabhar, óir céard é sinne?”

8. Dúirt Maois: “Um thrathnóna tabharfaidh an Tiarna feoil daoibh le hithe, agus ar maidin arán go smig; óir chuala an Tiarna na gearáin a rinne sibh ina choinne; ní inar gcoinne-ne bhur ngearain - óir céard é sinne? - ach i gcoinne an Tiarna.”

9. Dúirt Maois le hÁrón: “Abair le comhthionól chlann Iosrael go léir: ‘Tagaigí os comhair an Tiarna óir thug sé cluas do bhur ngearáin.’ ”

10. Agus Árón ag labhairt le comhthionól chlann Iosrael go léir, d'fhéachadar i dtreo an fhásaigh, agus féach, thaispeáin glóir an Tiarna í féin sa néal.

11. Ansin labhair an Tiarna le Maois:

12. “Chuala,” ar sé, “gearáin chlann Iosrael. Abair é seo leo: ‘Idir dhá sholas tráthnóna beidh feoil le hithe agaibh, agus ar maidin líonfar sibh le harán go smig; beidh a fhios agaibh ansin gur mise, an Tiarna, bhur nDia.’ ”

13. Agus is amhlaidh a bhí; an tráthnóna sin tháinig gearga aníos agus líonadar an campa go léir; agus ar maidin bhí brat drúchta timpeall an champa.

14. Nuair a scaip an drúcht bhí an rud mín plurach, mion mar an sioc liath, ina luí ar dhromchla an fhásaigh.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 16