Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 14:3-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Óir déarfaidh Forann leis féin: ‘Féach mar atá clann úd Iosrael ar seachran san fhásach; d'iaigh an fásach orthu.’

4. Ansin cruafaidh mé croí Fhorainn agus rachaidh sé sa tóir orthu agus bainfidh mé glóir amach de bharr Fhorainn agus a shlua; beidh a fhios ag na hÉigiptigh gur mise an Tiarna.” Rinneadar amhlaidh.

5. Nuair a insíodh do rí na hÉigipte go raibh an pobal bailithe leo, tháinig malairt aigne air féin agus ar a shearbhóntaí i dtaobh an phobail. “Cad é seo atá déanta againn,” ar siad, “á rá is gur scaoileamar le hIosrael óna seirbhís dúinn?”

6. Ghabh Forann a charbad dá bhrí sin agus thionóil sé a shlua.

7. Thóg sé sé chéad de thogha na gcarbad agus carbaid eile na hÉigipte go léir agus foireann thofa le gach ceann.

8. Chruaigh an Tiarna croí Fhorainn rí na hÉigipte agus chuaigh sé sa tóir ar chlann Iosrael agus iad ag cur díobh faoi thréanchosaint.

9. Chuaigh na hÉigiptigh sa tóir orthu le heachra agus le carbaid Fhorainn lena mharcshlua agus lena arm go léir; agus thángadar orthu agus a gcampa suite acu cois na farraige ag Pí Haichíorót os coinne Bhálzafón.

10. Agus Forann ag druidim leo d'fhéach clann Iosrael ina dtimpeall, agus b'shiúd na hÉigiptigh sa tóir orthu! Tháinig scéin orthu, agus ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna;

11. agus dúradar le Maois: “B'ea ann nach raibh aon uaigheanna san Éigipt a rá is gur chaith tú sinn a sheoladh amach chun bás a fháil san fhásach? Cén mhaith dúinn thú dár mbreith amach as an Éigipt?

12. Nár phléamar é seo leat san Éigipt? ‘Lig dúinn,’ a dúramar, ‘seirbhís a dhéanamh do na hÉigiptigh; b'fhearr dúinn bheith ag déanamh seirbhíse do na hÉigiptigh ná bás a fháil san fhásach!’ ”

13. D'fhreagair Maois an pobal: “Bíodh misneach agaibh!” ar sé; “seasaigí an fód! agus feicfidh sibh conas a fhuasclóidh an Tiarna sibh inniu. Mar na hÉigiptigh a fheiceann sibh inniu, ní fheicfidh sibh go brách arís.

14. Troidfidh an Tiarna ar bhur son; ní gá daoibh ach fanacht socair.”

15. Dúirt an Tiarna le Maois: “Cén fáth go bhfuil tú ag glaoch orm? Abair le clann Iosrael dul ar aghaidh.

16. Ardaigh do shlat agus sín do lámh os cionn na farraige agus deighil ó chéile í i dtreo go siúlfaidh clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 14