Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 14:20-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. agus é ag teacht idir slua na hÉigipte agus slua Iosrael. Leis an néal agus an dorchadas chaitheadar an oíche gan teacht i ngiorracht dá chéile ar feadh na hoíche.

21. Shín Maois a lámh os cionn na farraige agus thiomáin an Tiarna an fharraige ar ais le gaoth láidir anoir a shéid ar feadh na hoíche, agus rinneadh talamh tirim den fharraige. Dheighil na huiscí óna chéile,

22. agus chuaigh clann Iosrael isteach i lár na farraige ar thalamh tirim agus na huiscí ina mballaí ar dheis agus ar chlé acu.

23. Chuaigh na hÉigiptigh sa tóir orthu agus isteach leo i lár na farraige ina ndiaidh, le capaill agus carbaid agus marcshlua Fhorainn go léir.

24. Le ham faire na maidine, d'fhéach an Tiarna anuas ar shluaite na hÉigipteach ón gcolún tine agus néil agus rinne sé cíor thuathail de shluaite na nÉigipteach.

25. Chuir sé rothaí na gcarbad i ngreim i dtreo gur dheacair dóibh dul chun cinn. Liúigh na hÉigiptigh: “Teithimís ó láthair na nIosraelach mar go bhfuil an Tiarna ag troid ar a son in aghaidh na nÉigipteach.”

26. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Sín do lámh amach os cionn na farraige i dtreo go bhfillfidh na huiscí ar ais anuas ar na hÉigiptigh ar a gcarbaid agus ar a marcshlua.”

27. Shín Maois a lámh amach os cionn na farraige dá bhrí sin agus le breacadh an lae d'fhill an fharraige ar a cúrsa gnáth. Chuaigh na hÉigiptigh ceann ar aghaidh isteach inti ina raon teite agus chloígh an Tiarna na hÉigiptigh i mbroinn na bóchna.

28. Ag filleadh di threascair an tuile carbaid agus marcshlua agus sluaite uile Fhorainn a lean na hIosraelaigh isteach san fharraige; níor tháinig fear inste scéil slán.

29. Ach shiúil clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige agus na huiscí ina mballaí ar dheis agus ar chlé acu.

30. D'fhuascail an Tiarna clann Iosrael an lá sin ó na hÉigiptigh agus chonaic Iosrael na hÉigiptigh sínte marbh ar an gcladach.

31. Chonaic Iosrael an t‑éacht groí a rinne an Tiarna ar na hÉigiptigh agus thugadar ómós don Tiarna; chreideadar sa Tiarna agus i Maois a shearbhónta.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 14