Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 14:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Agus labhair an Tiarna le Maois:

2. “Abair,” ar sé, “le clann Iosrael filleadh agus campáil os comhair Phí Haichíorót idir Migdeol agus an fharraige, os coinne Bhálzafón. Suígí bhur gcampa sall ón áit sin cois na farraige.

3. Óir déarfaidh Forann leis féin: ‘Féach mar atá clann úd Iosrael ar seachran san fhásach; d'iaigh an fásach orthu.’

4. Ansin cruafaidh mé croí Fhorainn agus rachaidh sé sa tóir orthu agus bainfidh mé glóir amach de bharr Fhorainn agus a shlua; beidh a fhios ag na hÉigiptigh gur mise an Tiarna.” Rinneadar amhlaidh.

5. Nuair a insíodh do rí na hÉigipte go raibh an pobal bailithe leo, tháinig malairt aigne air féin agus ar a shearbhóntaí i dtaobh an phobail. “Cad é seo atá déanta againn,” ar siad, “á rá is gur scaoileamar le hIosrael óna seirbhís dúinn?”

6. Ghabh Forann a charbad dá bhrí sin agus thionóil sé a shlua.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 14