Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 13:10-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Comhlíon an reacht seo gach bliain dá bhrí sin ag an am atá beartaithe dó. ”

11. “Nuair a thabharfaidh an Tiarna thú go dtír na gCanánach, rud a mhionnaigh sé duit féin agus do d'aithreacha a dhéanfadh sé, agus an tír a thabhairt duit,

12. déan gach céadghin a osclóidh broinn a choisreacan don Tiarna; mar an gcéanna le gach céadghin ó ainmhí, is leis an Tiarna na fireannaigh orthu.

13. Gach céadghin asail, déan é a fhuascailt ar uan, nó mura ndéanann tú, bris a mhuineál. Gach céadghin mic ar do chlann mhac, déan é a fhuascailt.

14. Nuair a chuirfidh do mhac ceist chugat san am atá romhat: ‘Cén chiall atá leis seo?’ déarfaidh tú leis: ‘Thug an Tiarna amach sinn ón Éigipt, ó theach na daoirse;

15. óir nuair a dhiultaigh Forann le barr ceanndáine ligean dúinn imeacht, mharaigh an Tiarna gach céadghin i gcríocha na hÉigipte, idir chéadghin an duine agus chéadghin an ainmhí. Uime sin íobraím don Tiarna gach fireannach a chéadosclaíonn broinn; ach gach céadghin mhic liom, fuasclaím é.’

16. Beidh an tseirbhís mar mharc ar do láimh agat, nó mar lann ar d'éadan; óir thug an Tiarna as an Éigipt amach sinn le láimh láidir.”

17. “Nuair a lig Forann do chlann Iosrael imeacht, níor sheol Dia iad ar an mbóthar trí thír na bhFilistíneach, cé gur chóngar é, ‘le heagla,’ a dúirt Dia, “go dteipfeadh an misneach ar an bpobal nuair a d'fheicfidís cogadh rompu, agus go bhfillfidís ar an Éigipt.”

18. Ach threoraigh Dia an timpeall iad tríd an bhfásach go dtí Muir na nGiolcach. Ghabh clann Iosrael as an Éigipt amach faoi chóiriú catha.

19. Thug Maois cnámha Iósaef leis mar gur chuir seisean clann Iosrael faoi bhrí na mionn á rá: “Déanfaidh Dia sibh a fhiosrú, déanfaidh sin; agus ansin ní foláir daoibh mo chnámha a bhreith ón áit seo.”

20. Ghluaiseadar ar aghaidh ó Shucót agus shuíodar a gcampa in Éatám ar imeall an fhásaigh.

21. Ghabh an Tiarna rompu mar cholún néil sa lá ag tabhairt eolas na slí dóibh, agus mar cholún tine san oíche ag tabhairt solais dóibh, i dtreo nár chás dóibh taisteal de lá nó d'oíche.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 13