Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 13:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Labhair an Tiarna le Maois:

2. “Coisric dom,” ar sé, “gach céadghin; cibé a chéadosclóidh broinn i measc chlann Iosrael, idir fhear is bheithíoch, is liomsa é.”

3. Dúirt Maois leis an bpobal: “Cuimhnígí ar an lá seo a tháinig sibh amach ón Éigipt ó theach na daoirse; óir is le neart a láimhe a rug an Tiarna sibh amach as; ná hitear aon arán gabháilte.

4. Inniu, ar an lá seo i mí Áibíb, tá sibh ag cur chun bóthair.

5. Dá bhrí sin, nuair a thabharfaidh an Tiarna isteach tú i dtír na gCanánach, agus na Hiteach, agus na nAmórach, agus na Hiveach, agus na Iabúsach, an tír a mhionnaigh sé a thabharfadh sé do d'aithreacha, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, bíodh an tseirbhís seo agat an mhí seo.

6. Ar feadh na seacht lá íosfaidh tú arán gan ghabháile, agus ar an seachtú lá beidh féile agat don Tiarna.

7. I gcaitheamh na seacht lá sin, itear arán gan ghabháile; ná bíodh aon arán gabháilte le feiceáil agat ná radharc ar aon ghabháile ar fud do chríoch go léir.

8. Agus tabhair fios fátha an scéil do do mhac an lá sin: ‘Is de bharr a ndearna an Tiarna dom nuair a tháinig mé amach as an Éigipt é seo!’

9. Beidh sé mar a bheadh marc ar do láimh, nó mar chuimhneachán ar chlár d'éadain i dtreo go mbeidh dlí an Tiarna ar do bheola de shíor; óir is le láimh láidir a thug an Tiarna thú as an Éigipt amach.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 13