1. Labhair an Tiarna le Maois:
2. “Coisric dom,” ar sé, “gach céadghin; cibé a chéadosclóidh broinn i measc chlann Iosrael, idir fhear is bheithíoch, is liomsa é.”
3. Dúirt Maois leis an bpobal: “Cuimhnígí ar an lá seo a tháinig sibh amach ón Éigipt ó theach na daoirse; óir is le neart a láimhe a rug an Tiarna sibh amach as; ná hitear aon arán gabháilte.
4. Inniu, ar an lá seo i mí Áibíb, tá sibh ag cur chun bóthair.