Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 12:40-50 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

40. Ceithre chéad agus deich mbliana fichead an fad a bhí caite ag clann Iosrael san Éigipt.

41. An lá ceannann céanna ar a raibh an ceithre chéad agus deich mbliana fichead slán, d'imigh sluaite uile an Tiarna amach as tír na hÉigipte.

42. Rinne an Tiarna faire an oíche úd chun iad a thabhairt amach as an Éigipt; ní foláir dá bhrí sin do chlann Iosrael go léir ó ghlúin go glúin, faire a dhéanamh in onóir an Tiarna an oíche úd.

43. Dúirt an Tiarna le Maois agus Árón: “Seo é reacht na Cásca: Ná hitheadh aon eachtrannach aon chuid di;

44. ach aon daor a ceannaíodh ar airgead ní miste é a ithe coda di, ach é a bheith timpeallghearrtha.

45. Ní ceadmhach d'aon deoraí ná d'aon fhear tuarastail aon chuid di a ithe.

46. Itear an t‑uan san aon teach amháin; ná tógtar aon chuid den fheoil lasmuigh den teach; ná brisigí aon chnámh ann.

47. Ní foláir do chomhthionól uile Iosrael an Cháisc a cheiliúradh.

48. Má bhíonn eachtrannach in bhur measc agus fonn air an Cháisc in onóir an Tiarna a cheiliúradh faraibh, déantar timpeallghearradh ar gach fireannach dá mhuintir, agus ansin tagadh sé agus ceiliúradh, mar is cuma nó dúchasach ansin é. Ní ceadmhach d'aon duine gan timpeallghearradh cuid di a ithe.

49. Beidh an dlí céanna i bhfeidhm don dúchasach agus don eachtrannach a lonnaíonn in bhur measc.”

50. Rinne clann Iosrael go léir de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois agus d'Árón, rinneadar sin.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 12