Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 7:9-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Níor chuir mé cloch lómhar ar aon chéim léi,mar i gcóimheas léi níl in ór an domhain ach beagán gainimhagus níl san airgead ach láib i gcomórtas léi.

10. B'ansa liom í ná an tsláinte nó an áilleachtagus b'fhearr liom í ná an solas féinmar ní mheathfaidh a loinnir go deo.

11. Mar sin féin, tháinig gach maith chugam in éineacht léiagus fuair mé saibhreas gan áireamh tríthi.

12. Bhí athas orm mar gheall orthu sin go léir,óir is í an eagna a riarann iad;ach níorbh eol dom gurbh ise a máthair.

13. Is le hintinn ghlan a d'fhoghlaim méagus tugaim uaim gan doicheall;ní choinním a saibhreas i bhfolach.

14. Óir is stór do-ídithe do dhaoine é;agus an mhuintir a fhaigheann ésnaidhmeann siad cairdeas le Dia,mar is taitneamhach leis iadde bharr na dtíolacthaí a fhaigheann siad óna teagasc.

15. Go dtuga Dia domsa labhairt mar is áil leisagus meas cóir a bheith agam ar a thabhartais;óir is é treoraí na heagna agus stiúrthóir na saoithe é.

16. Mar táimid féin agus ár mbriathraár dtuiscint agus ár gceardaíocht uile faoina smacht.

17. Óir is é a thug eolas cruinn dom ar a bhfuil ann,ionas go dtuigfinn comhdhéanamh na cruinneagus oibriú na ndúl,

18. tosach, deireadh agus lár na n‑aimsirí,sealaíocht na ngrianstadanna agus athrú na séasúr,

19. timthriallta na mblianta agus na réaltbhuíonta,

20. dúchas na n‑ainmhithe agus iompar na mbeithíoch allta,cumhachta gaoth agus smaointe daoine,saghsanna na bplandaí agus buanna a bhfréamhacha.

Léigh chaibidil críochnaithe Eagna 7