Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 7:2-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. i ndiaidh a dlúthú le chéile i bhfuil,ó shíol fir agus ó sháile an phósta.

3. Nuair a rugadh mé,tharraing mé isteach anáil den ghnáthaer,agus thit mé síos ar an talamh,a bhí d'aon mhianach liom féin;ar nós cách b'í an chéad fhuaim a rinne mé uaill chaointe.

4. Cuireadh i gcrios ceangail méagus oileadh mé le togha an aireachais.

5. Ní raibh rí ar bith ann riamha raibh a mhalairt de thosach ar a shaol.

6. Óir, níl ach an t‑aon bhealach amháinisteach sa saol seo ag cáchagus an t‑aon bhealach amháin amach as mar an gcéanna.

7. Ghuigh mé, mar sin, agus tugadh bua na tuisceana dom;rinne mé achainí agus tháinig spiorad na heagna chugam,

Léigh chaibidil críochnaithe Eagna 7