Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 3:9-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Na daoine a chuireann a muinín ann, tuigfidh siad an fhírinne;agus na daoine a fhanann dílis dó,cónóidh siad ina fhochair faoi ghrá;mar faigheann a phobal tofa grásta agus trócaire uaidh.

10. Ach smachtófar na héagráifighde réir mar a thuillfidh a gcuid machnaimh;mar thug siad faillí san fhíréan(tacht) agus thréig siad an Tiarna.

11. Is díol trua iad na daoinea chaitheann drochmheas ar an eagna agus ar an smacht;mar bíonn a ndóchas díomhaoin agus a saothar in aisce acu,agus a ngníomhartha gan éifeacht.

12. Bíonn a mná céile gan chiallagus a gclann gan mhaithagus is mallaithe é a sliocht.

13. Is méanar don bhean aimrid atá gan cháim,don bhean nach raibh cuid aici d'fhear go peacúil riamh;nuair a dhéanfar scrúdú ar anamacha,is ansin a bheidh a toradh ar fáil di.

14. Is méanar chomh maith don choillteán,nach ndearna aon choir i gcoinne an dlíagus nár chothaigh drochsmaointein aghaidh an Tiarna riamh -mar de bharr a dhílse bronnfar togha duaise airagus oidhreacht níos aoibhne fós i dTeampall an Tiarna.

15. Óir is oirirc é toradh na ndea-ghníomharthaagus is do-lofa í fréamh na heagna.

16. Ach ní thiocfaidh clann adhaltrach chun aibíochta choíche;agus an sliocht a ghintear as comhriachtain neamhdhleathach,rachaidh siad ar ceal.

17. Fiú amháin má bhíonn saol fada acuní bheidh aon mheas orthuagus ní thabharfar ómós dóibh ina seanaois.

Léigh chaibidil críochnaithe Eagna 3