Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 3:3-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. agus gurbh ionann agus díothú a n‑imeacht uainn.Ach is amhlaidh atá siad faoi shuaimhneas anois.

4. Óir bíodh gur fhulaing siad pionós os comhair an tsaoil,bhí siad lán de dhóchas go mairfidís go deo.

5. Tar éis dóibh beagán smachtaithe a fhulaingtbronnfar mórán tíolacthaí orthu.Mar chuir Dia féachaint orthu, agus fuair sé a dhíol iontu.

6. Thástáil sé iad mar ór i bhfoirnéisagus ghlac sé leo ina n‑íobairt lándóite.

7. Ar uair a chuairte drithleoidh siad go lonrach,agus beidh siad ag gluaiseachtmar lasracha tríd an gcoinleach.

8. Tabharfaidh siad breith ar chiníochaagus beidh ceannas acu ar náisiúinagus beidh Dia féin ina rí orthu go brách.

9. Na daoine a chuireann a muinín ann, tuigfidh siad an fhírinne;agus na daoine a fhanann dílis dó,cónóidh siad ina fhochair faoi ghrá;mar faigheann a phobal tofa grásta agus trócaire uaidh.

10. Ach smachtófar na héagráifighde réir mar a thuillfidh a gcuid machnaimh;mar thug siad faillí san fhíréan(tacht) agus thréig siad an Tiarna.

11. Is díol trua iad na daoinea chaitheann drochmheas ar an eagna agus ar an smacht;mar bíonn a ndóchas díomhaoin agus a saothar in aisce acu,agus a ngníomhartha gan éifeacht.

12. Bíonn a mná céile gan chiallagus a gclann gan mhaithagus is mallaithe é a sliocht.

13. Is méanar don bhean aimrid atá gan cháim,don bhean nach raibh cuid aici d'fhear go peacúil riamh;nuair a dhéanfar scrúdú ar anamacha,is ansin a bheidh a toradh ar fáil di.

14. Is méanar chomh maith don choillteán,nach ndearna aon choir i gcoinne an dlíagus nár chothaigh drochsmaointein aghaidh an Tiarna riamh -mar de bharr a dhílse bronnfar togha duaise airagus oidhreacht níos aoibhne fós i dTeampall an Tiarna.

15. Óir is oirirc é toradh na ndea-ghníomharthaagus is do-lofa í fréamh na heagna.

16. Ach ní thiocfaidh clann adhaltrach chun aibíochta choíche;agus an sliocht a ghintear as comhriachtain neamhdhleathach,rachaidh siad ar ceal.

17. Fiú amháin má bhíonn saol fada acuní bheidh aon mheas orthuagus ní thabharfar ómós dóibh ina seanaois.

18. Agus má fhaigheann siad bás go hóg ní bheidh aon dóchas acu,ná ní bheidh aon sólás acu ach oiread lá an bhreithiúnais.

19. Óir is crua í an chríochtá i ndán do ghlúin urchóideach.

Léigh chaibidil críochnaithe Eagna 3