Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 3:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tá anamacha na bhfíréan i láimh Déagus ní bhainfidh piolóidí leo choíche.

2. Ba dhóigh le lucht na díchéille go raibh siad marbh,agus measadh gur thubaiste ab ea a mbás,

3. agus gurbh ionann agus díothú a n‑imeacht uainn.Ach is amhlaidh atá siad faoi shuaimhneas anois.

4. Óir bíodh gur fhulaing siad pionós os comhair an tsaoil,bhí siad lán de dhóchas go mairfidís go deo.

5. Tar éis dóibh beagán smachtaithe a fhulaingtbronnfar mórán tíolacthaí orthu.Mar chuir Dia féachaint orthu, agus fuair sé a dhíol iontu.

6. Thástáil sé iad mar ór i bhfoirnéisagus ghlac sé leo ina n‑íobairt lándóite.

Léigh chaibidil críochnaithe Eagna 3