3. Mar sin de, in ionad an dorchadais,sholáthraigh tú colún lasrachmar threoraí dóibh ar bhóthar anaithnid,agus mar ghrian neamhdhíobhálach le linna n‑imirce glórmhaire.
4. Bhí sé tuillte, ar ndóigh, ag a naimhde go mbainfí an solas díobhagus go mbeidís ina gcimí sa dorchadas;óir bhí siad tar éis do chlann mhac a choimeád i mbraighdeanasar tríothu a thabharfaí solas domhúchta an dlí don saol.
5. Shocraigh siad ar naíonáin na naomh a mharú;bhí leanbh amháin ina measc, áfach,a cuireadh amach ach a sábháladh,chun cúiteamh a bhaint díobh ar ball.Is amhlaidh a chuir tú slua mór dá leanaí dá gcoisagus dhíothaigh tú iad go léir le chéile san uisce domhain.
6. Tugadh fáistine dár sinsir i dtaobh na hoíche sin,ionas go nglacfaidís misneach nuaira bheadh a fhios acu go cinntecén sórt iad na mionnaí ar chuir siad a muinín astu.
7. Bhí do phobal ag súille slánú na bhfíréan agus le léirscrios na naimhde.
8. Óir, faoi mar a smachtaigh tú ar naimhde,sin mar a ghlaoigh tú chugat féin sinnagus a thug gradam dúinn dá bharr.
9. Óir bhí íobairt á hofráil faoi cheiltag clann chráifeach na bhfíréan,agus de thoil a chéile rinne siad an comhaontú diaga seo,go mbeadh siad rannpháirteach sna maitheasaí céannaagus sna contúirtí céanna chomh maith,agus iomainn mholta na sinsear á gcanadh acumar réamhcheol cheana féin.
10. Mar fhreagra air sin bhí a naimhde ag ligeangártha míbhinne astu,agus chualathas ar fud na dúichean caoineadh agus an t‑olagón a bhí siad a dhéanamh ar son a leanaí.
11. Cuireadh an pionós céanna ar sclábhaí agus ar a mháistir araon;agus bhí an phianpháis chéanna á fulaingtag an ngnáthdhuine agus a bhí ag an rí.
12. Ag gach uile dhuine acu bhí líon do-áirithe marbhána fuair bás ar an gcuma chéanna;níor leor na beo féin chun iad a adhlacadhmar díothaíodh an chuid ab uaisle dá gclannin aon nóiméad amháin.
13. Óir, siúd is nár chreid siad ní ar bithde dheasca a gcuid asarlaíochta,nuair a díscíodh a gcéadghineannad'admhaigh siad gurbh é mac Dé é an pobal.
14. Nuair a bhí gach uile ní faoi chiúnas caoinagus an oíche i lár a mearchúrsa,