Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 18:18-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Caitheadh síos ar an talamh iad leathmharbh,duine anseo agus duine eile ansiúd,agus nocht siad cén fáth a raibh siad ag fáil bháis.

19. Óir, na taibhrimh a chuir trí chéile iad,thug siad an t‑eolas seo dóibh roimh réionas nach gcaillfí iad agus gan a fhios a bheith acu,cén fáth a raibh pianpháis á fulaingt acu.

20. Theagmhaigh an bás leis na fíréin chomh maithagus bascadh slua mór díobh san fhásach;ach níorbh fhada a lean an díbheirg.

21. Óir ba ghearr gur thosaigh fear gan smál ag troid ar a son,agus é ag beartú airm a sheirbhíse sagartúla,an urnaí agus an túis leorghníomhach;is amhlaidh a sheas sé in aghaidh na díbheirgeagus a chuir sé deireadh leis an anachain,rud a thaispeáin gurbh é do shearbhónta é;

22. ní le neart coirp nó le treise lann, áfach,a threascair sé an díbheirg,ach ba lena bhriathar amháin a cheansaigh sé an smachtóir,nuair a thug sé chun cuimhnena conarthaí faoi mhionn a rinneadh lenár sinsir.

23. Nuair a bhí na marbháin tar éis titim cheana féinar mhullach a chéile ina gcairn,sheas seisean suas i lár baill, agus bhrúigh sé an díbheirg siaragus dhún sé an bealach chun na mbeo uirthi.

24. Óir bhí an domhan go léir á chomharthú ar a róba lánfhada,agus ainmneacha oirirce ár sinseargreanta ar na ceithre shraith de chlocha lómhara,agus do mhórgacht féin á léiriú ar an gcoróin a bhí ar a cheann.

25. Ghéill an scriostóir do na nithe seo, mar b'eagal leis iad.Óir ba leor do na fíréin blaiseadh a fháil den díbheirg.

Léigh chaibidil críochnaithe Eagna 18