Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 18:16-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. agus claíomh géar do reachta dho-athraithe ina láimh aige.Nuair a thuirling sé, leath sé an bás ar fud na tíre go léir;agus theagmhaigh sé fós leis an spéird'ainneoin go raibh ina sheasamh ar an talamh.

17. Ansin chuir na taibhsí a chonaic siad i mbrionglóidítrí chéile iad go mór ar an mball,agus gabh eagla agus uafás iad gan choinne.

18. Caitheadh síos ar an talamh iad leathmharbh,duine anseo agus duine eile ansiúd,agus nocht siad cén fáth a raibh siad ag fáil bháis.

19. Óir, na taibhrimh a chuir trí chéile iad,thug siad an t‑eolas seo dóibh roimh réionas nach gcaillfí iad agus gan a fhios a bheith acu,cén fáth a raibh pianpháis á fulaingt acu.

20. Theagmhaigh an bás leis na fíréin chomh maithagus bascadh slua mór díobh san fhásach;ach níorbh fhada a lean an díbheirg.

21. Óir ba ghearr gur thosaigh fear gan smál ag troid ar a son,agus é ag beartú airm a sheirbhíse sagartúla,an urnaí agus an túis leorghníomhach;is amhlaidh a sheas sé in aghaidh na díbheirgeagus a chuir sé deireadh leis an anachain,rud a thaispeáin gurbh é do shearbhónta é;

Léigh chaibidil críochnaithe Eagna 18