Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 18:14-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Nuair a bhí gach uile ní faoi chiúnas caoinagus an oíche i lár a mearchúrsa,

15. léim do bhriathar uilechumhachtach anuas ó na flaithis,óna chathaoir ríoga, isteach i lár na tíre damnaithe,mar churadh cruachroíoch

16. agus claíomh géar do reachta dho-athraithe ina láimh aige.Nuair a thuirling sé, leath sé an bás ar fud na tíre go léir;agus theagmhaigh sé fós leis an spéird'ainneoin go raibh ina sheasamh ar an talamh.

17. Ansin chuir na taibhsí a chonaic siad i mbrionglóidítrí chéile iad go mór ar an mball,agus gabh eagla agus uafás iad gan choinne.

18. Caitheadh síos ar an talamh iad leathmharbh,duine anseo agus duine eile ansiúd,agus nocht siad cén fáth a raibh siad ag fáil bháis.

19. Óir, na taibhrimh a chuir trí chéile iad,thug siad an t‑eolas seo dóibh roimh réionas nach gcaillfí iad agus gan a fhios a bheith acu,cén fáth a raibh pianpháis á fulaingt acu.

20. Theagmhaigh an bás leis na fíréin chomh maithagus bascadh slua mór díobh san fhásach;ach níorbh fhada a lean an díbheirg.

Léigh chaibidil críochnaithe Eagna 18