10. Mar fhreagra air sin bhí a naimhde ag ligeangártha míbhinne astu,agus chualathas ar fud na dúichean caoineadh agus an t‑olagón a bhí siad a dhéanamh ar son a leanaí.
11. Cuireadh an pionós céanna ar sclábhaí agus ar a mháistir araon;agus bhí an phianpháis chéanna á fulaingtag an ngnáthdhuine agus a bhí ag an rí.
12. Ag gach uile dhuine acu bhí líon do-áirithe marbhána fuair bás ar an gcuma chéanna;níor leor na beo féin chun iad a adhlacadhmar díothaíodh an chuid ab uaisle dá gclannin aon nóiméad amháin.
13. Óir, siúd is nár chreid siad ní ar bithde dheasca a gcuid asarlaíochta,nuair a díscíodh a gcéadghineannad'admhaigh siad gurbh é mac Dé é an pobal.
14. Nuair a bhí gach uile ní faoi chiúnas caoinagus an oíche i lár a mearchúrsa,
15. léim do bhriathar uilechumhachtach anuas ó na flaithis,óna chathaoir ríoga, isteach i lár na tíre damnaithe,mar churadh cruachroíoch
16. agus claíomh géar do reachta dho-athraithe ina láimh aige.Nuair a thuirling sé, leath sé an bás ar fud na tíre go léir;agus theagmhaigh sé fós leis an spéird'ainneoin go raibh ina sheasamh ar an talamh.
17. Ansin chuir na taibhsí a chonaic siad i mbrionglóidítrí chéile iad go mór ar an mball,agus gabh eagla agus uafás iad gan choinne.