Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 17:2-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Óir, nuair a shíl lucht na míréirean náisiún naofa a choinneáil faoi smacht,rinneadh priosúnaigh an dorchadaisagus cimí na hoíche fada díobh,agus bhí siad ina luí faoi ghlas faoi dhíonta a dtithe féinmar theifigh ó oirchill shíoraí Dé.

3. Mar, díreach nuair a bhí siad ag ceapadhnach dtabharfaí a bpeacaí rúin faoi deara,toisc iad a bheith folaithe faoi bhrat dubh na díchuimhne,cuireadh scaipeadh na mionéan orthu,agus bhí siad ar aon bharr amháin creathaagus iad á scanrú ag na nithe a bhí á dtaibhreamh dóibh.

4. Fiú amháin na seomraí cúil ina raibh siadníor chosain siad ar an imeagla iad;bhí fuaimeanna scéiniúla ag plimpíl ina dtimpeall;thaispeáin taibhsí cromshúileacha gruama iad féin dóibh;

5. ní raibh sé de chumhacht ag tine ar bith solas a sholáthar dóibh,ná níor fhéad gathanna geala na réaltaían oíche dhúdhorcha úd a shoilsiú ach oiread.

6. Ní raibh ag lonrú orthu tríd an dorchadasach bladhairí scanrúla a las suas uathu féin.Le neart an anbhá a chuir an fhís dhoiléir sin orthu,cheap siad go raibh na nithe a chonaic siadníos measa ná mar a bhí siad dáiríre.

7. Bhí cleasaíocht a gcuid draíochta gan éifeacht;agus an chlisteacht a mbídís ag maíomh aisticáineadh go feanntacht fonóideach í.

8. Óir, an dream a thug orthu féineagla agus buairt a dhíbirt ón anam tinn,bhí siad féin chomh tinn sin de dheasca a n‑imnígo ndearnadh ceap magaidh díobh.

9. Óir, d'ainneoin nach raibh aon arrachtach annchun iad a scanrú,chuir gluaiseacht feithidí agus sioscarnach nathrach scaoll iontu;

10. bascadh go hiomlán iad le corp critheaglaagus iad ag diúltú fiú amháin aghaidh a thabhairt ar an aer féin,rud nach féidir éalú uaidh áit ar bith.

11. Is meata an ní í an mhallaitheacht inti féinagus daortar ar a fianaise féin í.Faoi bhrú a coinsiasa, bíonn sí ag déanamh áibhéile i gcónaíar na tubaistí a bhíonn ag bagairt uirthi.

12. Óir níl san eaglaach tréigean na cabhrach a sholáthraíonn an réasún;

13. nuair a laghdaítear ón taobh istigh de dhuinean tsúil atá aige le cúnamh, is mó a ghoilleann sé airé bheith aineolach faoi fhíorchúis na hainnise.

14. Mar sin de, i rith na hoíche sin,nach raibh cumhacht dá laghad aici,agus a bhí tar éis teacht aníos orthuó phrochóga ifrinn éagumasaigh,chodail siad go léir ar an gcuma chéanna;

15. uaireanta, bhí siad á dtiomáint ag taibhsí urghránna;uaireanta eile, bhí siad ina staictoisc gur chlis a n‑anamacha orthu;óir, i dtobainne, bhuail eagla iad nach raibh coinne acu léi.

16. Cibé ar bith duine a bhí ann, mar sin, thit sé ar lár mar a raibh séagus bhí sé á choimeád mar chime i gcarcair gan ghlas.

Léigh chaibidil críochnaithe Eagna 17