Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 17:15-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. uaireanta, bhí siad á dtiomáint ag taibhsí urghránna;uaireanta eile, bhí siad ina staictoisc gur chlis a n‑anamacha orthu;óir, i dtobainne, bhuail eagla iad nach raibh coinne acu léi.

16. Cibé ar bith duine a bhí ann, mar sin, thit sé ar lár mar a raibh séagus bhí sé á choimeád mar chime i gcarcair gan ghlas.

17. Cibé acu a bhí sé ina fheirmeoir nó ina aoire,nó ina fhear oibre a bhí ag saothrú san fhásach,gabhadh é agus b'éigean do an t‑angar dosheachanta a fhulaingt;óir bhí siad go léir cuibhrithe le haon slabhra amháin dorchadais.

18. Agus cibé acu siosarnach na gaoithe,nó ceol binn na n‑éan sna crainn leathanghéagacha,nó monabhar tomhaiste srutháin mhearchúrsaigh,nó tormán toll cloch ag titim hé haill,

19. nó trostal trom ainmhithe dofheicthe ar léim lúith,nó búiríl agus béiceach beithíoch garbhallta,nó macalla a frithchaitheadh ó ascaillí na gcnoc a bhí ann,rinneadh staic díobh go léir le teann imeagla.

20. Bhí an saol go léir á shoilsiú le solas gealagus ag dul i mbun a ghnóthaí gan chosc gan cheangal.

Léigh chaibidil críochnaithe Eagna 17