Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 16:17-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Agus b'é an rud ab aistí orthu go léirgur mhóide éifeacht na tine í a bheith san uisce,rud ar dual dó gach uile ní a mhúchadh;ar ndóigh troideann an chruinne féin ar son na bhfíréan.

18. Uaireanta, mhaolaigh ar na lasracha údionas nach n‑ídeodh siad na hainmhithe,a seoladh in aghaidh na n‑éagráifeach,ach go dtuigfidís, nuair a d'fheicfidís é seo,gurb í daorbhreith Dé a bhí ar a dtí.

19. Uaireanta eile, fiú amháin i lár an uisce,bhí na lasracha níos tréine ná gnáththine,sa chaoi go scriosfaidís barra na talún mallaithe.

20. Ina ionad sin go léir, áfach,chothaigh tú do phobal féin le bia aingeal,agus chuir tú arán chucu ó neamhnár sholáthraigh siad féin lena gcuid oibreach a bhí cóirithe dóibh cheana féin,agus a raibh gach uile shuairceas ann,sa chaoi go bhfaigheadh cách blas air.

21. Óir, an lón seo a chuir tusa ar fáil,thaispeáin sé chomh lách is a bhí tú le do phobal;is amhlaidh a réitigh sé le goile gach duine a chaith émar athraíodh é de réir mar ba mhian le cách.

22. Sheas an sneachta agus an t‑oighear an tine,agus níor leáigh siad ionas go mbeadh a fhios ag do phobal féingo raibh torthaí a naimhde á n‑ídiú ag an tinea bhí ag bladhmadh sa chloch shneachta,agus ag spréacharnach sna múrtha báistí.

23. Rinne an tine chéanna seo dearmad ar a mhianach féin,i dtreo go gcothófaí na firéin.

24. Óir, ag freastal di ortsa, an cruthaitheoir,luíonn an chruthaíocht amach uirthi féin chun drochdhaoine a smachtú,ach maolaíonn sí a fuinneamh ar mhaithe leo siúda chuireann a muinín ionatsa.

25. Ar an ábhar sin, an uair úd féin,tháinig an uile shaghas athrú uirthide réir do chuid flaithiúlachta uilechothaithí,ionas go sásódh sí dúil na ndaoine a bhí ag éamh ort,

26. agus go bhfoghlaimeodh do chlann mhac féin, a Thiarna,a raibh an oiread sin grá agat dóibh,nach é táirgeadh torthaí a chothaíonn an duineach gurbh é do bhriatharsa a chaomhnaíonn a bhfuila muinín acu asat.

27. Óir, an lón bia nár scriosadh le tine,leáigh sé gan mhoill,nuair nach ndearnadh ach é a théamhle spalladh beag gréine.

28. Tharla sé seo chun go dtuigfínach foláir do dhuine bheith ina shuí roimh éirí gréinechun buíochas a ghabháil leat,agus a ghuí a chur suas chugat le lonradh an lae.

Léigh chaibidil críochnaithe Eagna 16