Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 15:8-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Ansin le dua éigríonna múnlaíonn sé dia díomhaoinas an gcré chéanna,siúd is gur fear é féin a rinneadh as an talamhtamaillín roimhe sin,agus a fhillfidh arís ar ball beag ar an talamh ar tógadh as é,nuair a iarrfar air an t‑anam a fuair sé ar iasachta thabhairt ar ais.

9. Ach is róchuma leis-sean go bhfuil an bás i ndán dó,ná gur gearr é an saol a bheidh aige abhus.Is amhlaidh a théann sé ag iomaíocht le hórcheardaitheagus le gaibhne geala,agus déanann sé aithris ar ghaibhne copairagus ceapann sé gur mór an clú dó é dealbha bréige a mhúnlú.

10. Tá a chroí ina luaithreach,is suaraí ná an chréafóg a dhóchas,agus is anuaisle ná an láib féin a bheatha.

11. Óir ní aithnid dó an té a mhúnlaigh é,agus a shéid anam bíogúil isteach annagus a chuir anáil na beatha faoi.

12. Is amhlaidh a mheasann sé nach bhfuil inár saol ach siamsaagus gurb ionann ár mbeatha agus aonach brabachóireachta.“Óir ní foláir do dhuine,” deir sé,“brabach a dhéanamh ar ais nó ar éigean.”

13. Is eol don fhear seo thar aon duine eile go bhfuilpeaca á dhéanamh aige,nuair a dhéanann sé árthaí sobhriste agus íola as cré na talún.

Léigh chaibidil críochnaithe Eagna 15