Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 15:3-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Óir is í iomláine na fíréantachta í aithne a bheith ag duine ort;agus is í fréamh na neamhbhásmhaireachta íeolas a bheith ag duine ar do chumhacht.

4. Níor chuir aon dealbh bhaothealaíonta daoine amú sinnná aon saothar díomhaoin péintéiríná íomhá éigin a bhí smeartha le dathanna éagsúla,

5. sa chaoi, nuair a fheiceann amadán éigin iad,go músclaítear antoil bhuile annagus go gcuireann sé dúil i gcruth neamhbheo deilbhe mairbhe.

6. Na daoine a dhéanann na híola seo, agus a chuireann dúil iontu,agus a thugann adhradh dóibh, gránn siad an t‑olcagus tá sé tuillte acu gan aon ní níos fearr ná iad a bheith acua d'fhéadfaidís a muinín a chur astu.

7. Agus seo sampla eile fós:Fuineann an criadóir an chré bhog le mórán dua;ansin múnlaíonn sé gach sort árthaigh aisti mar áis dúinn;is as an gcnap céanna cré a mhúnlaíonn séní amháin na hárthaí a fhónann do ghnóthaí glanaach na cinn freisin a mbaintear malairt feidhme astu;mar sin féin, is ar an gcuma chéanna a dhéantar iad go léir.Is é an potaire féin, áfach, a shocraíonncé acu de na feidhmeanna seo a bhíonn ag gach árthach díobh.

8. Ansin le dua éigríonna múnlaíonn sé dia díomhaoinas an gcré chéanna,siúd is gur fear é féin a rinneadh as an talamhtamaillín roimhe sin,agus a fhillfidh arís ar ball beag ar an talamh ar tógadh as é,nuair a iarrfar air an t‑anam a fuair sé ar iasachta thabhairt ar ais.

9. Ach is róchuma leis-sean go bhfuil an bás i ndán dó,ná gur gearr é an saol a bheidh aige abhus.Is amhlaidh a théann sé ag iomaíocht le hórcheardaitheagus le gaibhne geala,agus déanann sé aithris ar ghaibhne copairagus ceapann sé gur mór an clú dó é dealbha bréige a mhúnlú.

10. Tá a chroí ina luaithreach,is suaraí ná an chréafóg a dhóchas,agus is anuaisle ná an láib féin a bheatha.

11. Óir ní aithnid dó an té a mhúnlaigh é,agus a shéid anam bíogúil isteach annagus a chuir anáil na beatha faoi.

12. Is amhlaidh a mheasann sé nach bhfuil inár saol ach siamsaagus gurb ionann ár mbeatha agus aonach brabachóireachta.“Óir ní foláir do dhuine,” deir sé,“brabach a dhéanamh ar ais nó ar éigean.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eagna 15