Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 15:15-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Mar cheap siad gur dhéithe iad íola uile na bpágánach,d'ainneoin go bhfuil súile acu nach bhfeiceannagus polláirí nach dtarraingíonn anáilagus cluasa nach n‑éisteannagus meara nach mothaíonnagus cosa nach féidir leo siúl.

16. Óir is duine daonna a rinne iadagus neach ar tugadh a anam ar iasacht dó a mhúnlaigh iad;níl sé ar chumas aon fhir bheo dia a dhealbhúa bheidh cosúil leis féin.

17. Mar tá sé féin so-mharaithe,agus is marbh é an rud a dhéanann sé lena lámhago mídhleathach.Óir is fearr é féin ná na nithe a adhrann sé;ar a laghad ar bith tá seisean beo; ní bheidh siadsan beo go deo.

18. Adhrann [naimhde do phobailse] ainmhithe,agus go fiú na hainmhithe is gráiniúla ina measc;nuair a mheastar na hainmhithe seo ó thaobh na héigéille de,is measa iad ná na hainmhithe eile go léir.

19. Fiú amháin mar ainmhithe, níl dealramhchomh dathúil sin orthugo gcuirfeadh aon duine dúil iontu;thairis sin, níor tháinig moladh nó beannacht ó Dhia riamh ina dtreo.

Léigh chaibidil críochnaithe Eagna 15