Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 15:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is cneasta, dílis, fadfhulangach thú, a Dhia linn,agus rialaíonn tú a bhfuil ann le barr trócaire.

2. Má pheacaíomar féin, is leatsa sinnagus is eol dúinn do chumhacht;ach ní dhéanfaimid aon pheacaí feasta,mar is eol dúinn go n‑áirítear sinn ar do mhuintir.

3. Óir is í iomláine na fíréantachta í aithne a bheith ag duine ort;agus is í fréamh na neamhbhásmhaireachta íeolas a bheith ag duine ar do chumhacht.

4. Níor chuir aon dealbh bhaothealaíonta daoine amú sinnná aon saothar díomhaoin péintéiríná íomhá éigin a bhí smeartha le dathanna éagsúla,

5. sa chaoi, nuair a fheiceann amadán éigin iad,go músclaítear antoil bhuile annagus go gcuireann sé dúil i gcruth neamhbheo deilbhe mairbhe.

6. Na daoine a dhéanann na híola seo, agus a chuireann dúil iontu,agus a thugann adhradh dóibh, gránn siad an t‑olcagus tá sé tuillte acu gan aon ní níos fearr ná iad a bheith acua d'fhéadfaidís a muinín a chur astu.

Léigh chaibidil críochnaithe Eagna 15