Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 10:9-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Ach d'fhuascail an eagna a lucht freastail féin óna dtrioblóidí.

10. Nuair a bhí an dea-dhuine ag teitheadh ó fhearg a dhearthár,is í an eagna a threoraigh é ar bhóithre díreacha,agus a thaispeáin ríocht Dé dó,agus a thug eolas dó ar nithe naofa.Chuir sí rath ar a shaothar agus rinne sí a chuid oibre torthúil.

11. Nuair a tugadh faoi chalaois a dhéanamh air le barr sainte,sheas sise ceart dó agus rinne sí fear saibhir de.

12. Chosain sí ar a naimhde é agus chumhdaigh sí éorthu siúd a bhí ag déanamh luíocháin roimhe;thug sí an bua i ndianchomhrac dó chun go dtuigfeadh ségur cumhachtaí an chráifeacht ná aon ní eile.

13. Níor thréig sise an dea-dhuinenuair a díoladh ina sclábhaí é;ach choimeád sí saor ó pheaca é.

14. Chuaigh sí síos sa charcair ina theanntaagus nuair a bhí sé i ngéibheann,níor fhág sí é gur thug sí dó slat ríogaagus údarás ar an dream a bhí ag déanamh foréigin air;thaispeáin sí nach raibh ach lucht éithighsa dream a rinne lochtú airagus thug sí dó clú buanmharthanach.

15. Is í an eagna a d'fhuascail pobal naofa, cine gan cháim,ó náisiún a bhí ag imirt foréigin orthu.

16. Chuaigh sí isteach in anam shearbhónta an Tiarna,agus sheas sí in aghaidh ríthe aduafarale héachtaí agus le comharthaí.

17. Thug sí luach a saothair do na dea-dhaoineagus threoraigh sí ar bhóthar iontach iad;bhí sí ina scáth dóibh i rith an laeagus ina réaltbhuíon lonrach dóibh ar feadh na hoíche.

18. Sheol sí iad trasna na Mara Ruaagus thug slán iad trí uisce domhain.

19. Bháigh sí a naimhde ansin,agus chaith sí aníos arís iad as an duibheagán.

Léigh chaibidil críochnaithe Eagna 10