Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 9:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Éist, a Iosrael! Tá tú ar tí dul thar an Iordáin inniu, chun ciníocha is mó agus is treise ná thú féin a chur as seilbh agus cathracha móra atá daingnithe go hard na spéire a ghabháil.

2. Árrachtaigh mhóra arda clann seo Anácaím mar is eol duit; chuala tú an nath ina dtaobh: ‘Cé a d'fhéadfadh seasamh in aghaidh chlann Anác?’

3. Bí deimhin de dá bhrí sin inniu gurb é an Tiarna féin, do Dhia, a rachaidh romhat, mar thine loiscneach; scriosfaidh sé iad agus cloífidh sé romhat iad; déanfaidh tú iad a dhíbirt dá bhrí sin agus a mharú gan mhoill faoi mar a gheall an Tiarna duit.

4. Ná habair i do chroí tar éis don Tiarna do Dhia iad a dhíbirt romhat: ‘Is de bharr mo fhíréantachta féin a chuir an Tiarna i seilbh na tíre seo mé,’ tráth is gur de bharr a gcoirpeachta atá an Tiarna ag díbirt na gciníocha sin romhat.

5. Ní de bharr do fhíréantachta ná do dhúthracht croí atá tú ag dul i seilbh na tíre seo leo, ach de bharr choirpeacht na gciníocha seo tá an Tiarna do Dhia á dhíbirt romhat agus chun go gcoimeádfadh sé an briathar a mhionnaigh sé do d'aithreacha d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób.

6. Bí lándeimhin de, más ea, nach de bharr do fhíréantachta atá an fearann fónta seo á thabhairt duit mar shealúchas ag an Tiarna do Dhia, óir is ceanndána an pobal thú.

7. “Cuimhnigh air agus ná déan dearmad de conas mar a ghriog tú an Tiarna do Dhia chun feirge san fhásach. Ón lá a tháinig tú amach as tír na hÉigipte go dtí gur tháinig tú chun na háite seo, bhí sibh i gceannairc in aghaidh an Tiarna.

8. Fiú ag Horaeb, ghriog tú an Tiarna agus bhí an Tiarna i bhfearg leat chomh mór sin go raibh sé ullamh sibh a mhilleadh.

9. Ghabh mé suas faoin sliabh chun na cláir chloiche, cláir an chonartha a bhí an Tiarna a dhéanamh libh, a fháil. D'fhan mé daichead lá agus daichead oíche ar an sliabh, gan greim bia a ithe nó bolgam uisce a ól.

10. Thug an Tiarna an dá chlár chloiche dom, agus inscríbhinn ó mhéar Dé orthu, agus na briathra go léir orthu a labhair an Tiarna libh ar an sliabh ó lár na tine lá an Tionóil.

11. Agus ag deireadh an daichead lá agus an daichead oíche, tar éis dó an dá chlár chloiche, cláir an chonartha, a thabhairt dom,

12. dúirt an Tiarna liom: ‘Fág an áit seo agus imigh leat síos go tapa, óir an pobal a thug tú amach as an Éigipt, tá feall déanta acu. Ba bheag an mhoill orthu claonadh ón tslí a d'aithin mé dóibh; tá íol de mhiotal leáite déanta acu dóibh féin.’

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 9