Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 8:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Na haitheanta go léir a ordaím duit inniu, ní foláir duit iad a choimeád agus a chomhlíonadh, d'fhonn go mbeadh an bheatha agaibh agus go rachadh sibh i líonmhaire agus dul isteach agus seilbh a fháil ar an tír a mhionnaigh an Tiarna a thabharfadh sé do bhur n‑aithreacha.

2. Agus cuimhnigh ar an gcaoi go léir ar threoraigh an Tiarna do Dhia thú le daichead bliain san fhásach, d'fhonn tú a umhlú, tú a phromhadh, agus eolas a chur ar rún do chroí féachaint an gcoimeádfá a aitheanta nó nach ndéanfá.

3. D'umhlaigh sé thú agus d'fhág ocrach thú agus chothaigh thú le manna nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha, d'fhonn é a chur in iúl duit nach ar arán amháin a mhaireann an duine, ach go maireann an duine ar gach ní a thagann ó bhéal Dé.

4. Ní dheachaigh caitheamh ar an éadach ar do dhroim, ná níor tháinig at ar do chosa, i gcaitheamh an daichead bliain sin.

5. Bíodh a fhios agat as sin go raibh an Tiarna do Dhia do do oiliúint mar a d'oilfeadh fear a mhac.

6. Coinnigh dá bhrí sin aitheanta an Tiarna do Dhia, agus lean a chosáin agus bíodh urraim agat dó.

7. Óir tá an Tiarna do Dhia do do thabhairt isteach i dtír fhónta, tír sruthán agus toibreacha, agus foinsí ag brúchtaíl aníos i ngleannta agus ar shléibhte,

8. tír chruithneachta agus eorna, fíniúna agus figí agus pomagránaití, tír ológ agus ola agus meala,

9. tír ina mbeidh arán gan ghannchúis le hithe agat gan aon ní in easnamh ort ann, tír arb iarann a chlocha agus ar féidir leat copar a bhaint as a shléibhte.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 8