Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 7:15-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Coimeádfaidh an Tiarna gach galar i bhfad uait; ní chiapfaidh sé thú le haon cheann de phlánna urchóideacha na hÉigipte as eol duit, ach leagfaidh sé iad ar an dream ar fuath leo thú.

16. Scrios dá bhrí sin na ciníocha go léir a chuirfidh an Tiarna faoi do láimh; ná bíodh trua ná taise agat dóibh; ná déan seirbhís dá ndéithe mar gur ghaiste duit sin.

17. “Má bhuaileann sé isteach i do chroí a rá: ‘Is líonmhaire na ciníocha seo ná mé; conas a chuirfinn as seilbh iad?’

18. ná bíodh eagla ort rompu, ach cuimhnigh cad a rinne an Tiarna do Dhia le Forann agus leis an Éigipt go léir,

19. na cathuithe móra a chonaic tú le do shúile cinn, na comharthaí, na hiontais, an lámh láidir agus an ghéag ar tinneall lenar thug an Tiarna do Dhia amach thú; sin í an íde a thabharfaidh an Tiarna ar na ciníocha go léir a bhfuil eagla ort rompu.

20. Mar bharr air sin seolfaidh an Tiarna cearnabháin ina measc chun an dream a fhanann i bhfolach uait a scrios.

21. Ná bíodh aon eagla ort rompu, óir tá an Tiarna do Dhia in bhur measc, agus is mór agus is uafar an Dia é.

22. Scriosfaidh an Tiarna do Dhia na ciníocha seo romhat de réir a chéile. Ní rithfidh leat iad a scrios d'aon iarracht le heagla go n‑éireodh na hainmhithe allta rólíonmhar duit.

23. Ach tabharfaidh an Tiarna do Dhia ar láimh duit iad, agus ciapfaidh sé iad nó go scriosfar iad.

24. Tabharfaidh sé a ríthe ar láimh duit agus déanfaidh tú a n‑ainmneacha a scrios ó faoin spéir; fear ní fhéadfaidh seasamh i d'aghaidh nó go mbeidh siad go léir scriosta agat.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 7