Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 7:10-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. ach a agraíonn é lena mbéal ar lucht a fhuatha agus scriosann iad. Is beag an mhoill air an té a thugann fuath dó a scrios; agraíonn sé lena bhéal air é.

11. Coimeád, dá bhrí sin, go beacht, na haitheanta agus na reachta agus na dlíthe a ordaímse duit inniu.

12. “Éist leis na dlíthe seo agus bí dílis dóibh agus coimeád iad agus beidh an Tiarna, do Dhia, dílis don chonradh agus don bhuanghrá a mhionnaigh sé do d'aithreacha.

13. Tabharfaidh sé grá duit, beannacht duit agus méadóidh sé do líon. Cuirfidh sé a bheannacht ar thoradh do bhroinne agus ar thoradh do thalún - d'arbhar, do fhíon, agus d'ola, an bhreis ar do tháin bó agus ar do thréad caorach, sa tír a mhionnaigh sé do do shinsir a thabharfadh sé duit.

14. Beidh beannacht ort thar an uile phobal; ní bheidh fireann ná baineann aimrid i measc do mhuintire ná i measc do stoic.

15. Coimeádfaidh an Tiarna gach galar i bhfad uait; ní chiapfaidh sé thú le haon cheann de phlánna urchóideacha na hÉigipte as eol duit, ach leagfaidh sé iad ar an dream ar fuath leo thú.

16. Scrios dá bhrí sin na ciníocha go léir a chuirfidh an Tiarna faoi do láimh; ná bíodh trua ná taise agat dóibh; ná déan seirbhís dá ndéithe mar gur ghaiste duit sin.

17. “Má bhuaileann sé isteach i do chroí a rá: ‘Is líonmhaire na ciníocha seo ná mé; conas a chuirfinn as seilbh iad?’

18. ná bíodh eagla ort rompu, ach cuimhnigh cad a rinne an Tiarna do Dhia le Forann agus leis an Éigipt go léir,

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 7