Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 7:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Nuair a sheolfaidh an Tiarna do Dhia thú isteach sa tír ina bhfuil tú ag dul le seilbh a thógáil air, agus a scriosfaidh sé a lán ciníocha romhat, na Hitigh, na Giorgáisigh, na hAmóraigh, na Canánaigh, na Pirizigh, na Hivigh, na Iabúsaigh, seacht gcine is mó agus is treise ná sibh féin,

2. agus nuair a dhéanfaidh an Tiarna do Dhia iad a thabhairt ar láimh duit, cloífidh tú iad. Ní foláir duit iad a chur faoi bhang, agus gan aon chonradh a dhéanamh leo, ná aon trócaire a dhéanamh orthu.

3. Ná déan cleamhnas leo; ná tabhair iníon leat do mhac díobh, agus ná tóg iníon leo do mhac leat.

4. Óir chlaonfaidís do mhac, ó bheith dom leanúint-sé, chun seirbhís do dhéithe eile; agus ansin lasfadh fearg an Tiarna i d'aghaidh, agus scriosfadh sé thú ar an toirt.

5. Ach seo í an íde a thabharfaidh sibh orthu: scartálaigí a n‑altóirí, agus brisigí a n‑íomhánna, agus gearraigí anuas a gcuaillí naofa agus cuirigí tine lena n‑íola snoite.

6. Óir is pobal tú atá coisricthe don Tiarna do Dhia; is tú a thogh an Tiarna do Dhia as na ciníocha uile ar chlár na cruinne le bheith i do phobal ar leith aige féin.

7. “Níor thug an Tiarna grá daoibh, ná níor thogh sé sibh de bhrí gur líonmhaire sibh ná pobal ar bith eile, óir ba sibh an pobal ba shuaraí de na pobail go léir.

8. Is le barr a ghrá daoibh agus toisc go bhfuil an Tiarna ag comhlíonadh an mhionna a mhionnaigh sé do bhur n‑aithreacha, a thug an Tiarna amach sibh le láimh láidir agus a d'fhuascail sé sibh ó theach na daoirse, agus ó chumhacht Fhorainn rí na hÉigipte.

9. Bíodh a fhios agat dá bhrí sin gur Dia dáiríre an Tiarna do Dhia, Dia dílis a choimeádann a chonradh agus a bhuanghrá ar feadh míle glúin ina leith siúd a ghránn é agus a chomhlíonann a aitheanta,

10. ach a agraíonn é lena mbéal ar lucht a fhuatha agus scriosann iad. Is beag an mhoill air an té a thugann fuath dó a scrios; agraíonn sé lena bhéal air é.

11. Coimeád, dá bhrí sin, go beacht, na haitheanta agus na reachta agus na dlíthe a ordaímse duit inniu.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 7