Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 4:36-49 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

36. Lig sé duit a ghuth a chlos ó neamh do do theagasc; lig sé duit a thine mhór a fheiceáil ar talamh, agus ó chroí na tine chuala tú a bhriathar.

37. De bhrí gurbh ansa leis do shinsir agus gur thogh sé sliocht ina ndiaidh, agus gur thug sé as an Éigipt amach thú, gan ceilt ar a láthar na ar a mhórchumhacht,

38. ag díbirt náisiún ba mhó agus ba threise ná thú féin romhat amach, agus thug sé isteach ina bhfearann siúd thú lena thabhairt duit mar oidhreacht, rud atá go dtí inniu féin;

39. tuig é seo inniu dá bhrí sin agus ding i do chroí é: Is é an Tiarna is Dia dáiríre ar neamh thuas agus ar talamh thíos; níl ann ach é.

40. Coimeád a reachta agus a aitheanta dá bhrí sin mar a thugaim duit iad inniu i dtreo go mbeidh conách ort féin agus ar do shliocht, agus saol fada agat sa tír atá á thabhairt duit go brách ag an Tiarna do Dhia.”

41. Ansin chuir Maois trí cathracha lastoir, taobh thall den Iordáin, i leataobh

42. mar a bhféadfadh an marfóir tearmann a fháil, an té is é sin a mharaigh a chomharsa go cinniúnach, agus gan é i bhfaltanas leis roimhe sin; le teitheadh i gcathair díobhsan, d'fhéadfadh sé a anam a bhreith leis.

43. Ba iad seo iad: do na Reúbaenigh, Beizir san fhásach ar an ardchlár; do na Gádaigh, Rámot i nGileád; do na Manaisigh, Gólán i mBáiseán.

44. Seo é an dlí a leag Maois roimh chlann Iosrael;

45. seo iad na hachtanna agus na dlíthe agus na reachtanna a d'ordaigh Maois do chlann Iosrael ar theacht as an Éigipt dóibh,

46. agus iad lastall den Iordáin sa ghleann láimh le Béit Peór i bhfearann Síochon rí na nAmórach a chónaigh i Heisbeon; bhris Maois agus clann Iosrael airsean ar theacht as an Éigipt dóibh,

47. agus ghabhadar seilbh ar a fhearann agus ar fhearann Óg rí Bháiseán - dhá rí na nAmórach a lonnaigh thoir lastall den Iordáin,

48. ó Aroéir ar an ardán os cionn ghleann an Arnón go Sliabh Shirion, Hearmón is é sin -

49. agus ar an Arabá go léir lastoir den Iordáin, go Muir an Arabá faoi bhun shleasa Phisceá.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 4