Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 4:30-39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

30. I do chruachas duit, tiocfaidh gach a ndúirt mé sa mhullach ort, ach i gcríoch na laethe fillfidh tú ar an Tiarna do Dhia, agus géillfidh tú dá ghlór.

31. Óir is Dia trócaireach an Tiarna do Dhia; ní thréigfidh sé thú, ná thú a scrios, ná ní dhéanfaidh dearmad ar an gconradh a rinne sé le bhur n‑aithreacha faoi bhrí na mionn.

32. “Óir, cuir an cheist seo dá bhrí sin chun na n‑aos a d'imigh tharainn agus a bhí romhat, ón lá a chruthaigh Dia an duine ar talamh: An raibh briathar riamh chomh maorga ó cheann ceann neimhe? Ar chualathas riamh a leithéid?

33. Ar chuala aon chine riamh guth Dé [bheo] ag labhairt ó chroí na tine, mar a rinne tusa, agus iad a mhaireachtáil?

34. Ar thug aon Dia riamh faoi chine a ghabháil chuige féin ó chrioslach cine eile, le profaí, le comharthaí, le hiontais, le cogadh, le láimh láidir agus le géag ar tinneall? - na nithe sin go léir a rinne an Tiarna daoibhse, os comhair bhur súl san Éigipt.

35. Thaispeáin sé an méid sin daoibh, d'fhonn go mbeadh a fhios agaibh gurb é an Tiarna is Dia dáiríre agus nach bhfuil Dia ann ach é.

36. Lig sé duit a ghuth a chlos ó neamh do do theagasc; lig sé duit a thine mhór a fheiceáil ar talamh, agus ó chroí na tine chuala tú a bhriathar.

37. De bhrí gurbh ansa leis do shinsir agus gur thogh sé sliocht ina ndiaidh, agus gur thug sé as an Éigipt amach thú, gan ceilt ar a láthar na ar a mhórchumhacht,

38. ag díbirt náisiún ba mhó agus ba threise ná thú féin romhat amach, agus thug sé isteach ina bhfearann siúd thú lena thabhairt duit mar oidhreacht, rud atá go dtí inniu féin;

39. tuig é seo inniu dá bhrí sin agus ding i do chroí é: Is é an Tiarna is Dia dáiríre ar neamh thuas agus ar talamh thíos; níl ann ach é.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 4