3. an Neigib agus fairsinge Ghleann Ireachó, cathair na gcrann pailme, go Zoar.
4. Dúirt an Tiarna leis: “Sin é an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób, á rá: ‘Tabharfaidh mé do do shíol é.’ Lig mé duit é a fheiceáil le do shúile cinn, ach ní rachaidh tú anonn isteach ann.”
5. Ansiúd i dtír Mhóáb, fuair Maois searbhónta an Tiarna bás faoi mar a d'achtaigh an Tiarna,
6. agus rinne sé é a adhlacadh sa ghleann, i dtír Mhóáb, sall ó Bhéit Peór; ach go dtí an lá inniu féin ní fios d'aon duine cá bhfuil a uaigh.
7. Bhí Maois céad agus a fiche bliain d'aois nuair a fuair sé bás; ní raibh a radharc teipthe ná a bhrí tráite.