Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 34:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin d'imigh Maois ó mhachairí Mhóáb agus ghabh Sliabh Neabó suas go mullach Phisceá, sall ó Ireachó, agus thaispeáin an Tiarna an tír ar fad dó: Gileád go Dán,

2. Naftáilí go léir, dúiche Eafráim agus Manaise, tír Iúdá go léir go dtí an Fharraige Thiar,

3. an Neigib agus fairsinge Ghleann Ireachó, cathair na gcrann pailme, go Zoar.

4. Dúirt an Tiarna leis: “Sin é an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób, á rá: ‘Tabharfaidh mé do do shíol é.’ Lig mé duit é a fheiceáil le do shúile cinn, ach ní rachaidh tú anonn isteach ann.”

5. Ansiúd i dtír Mhóáb, fuair Maois searbhónta an Tiarna bás faoi mar a d'achtaigh an Tiarna,

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 34