Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 32:22-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Las tine as mo fhearg,agus dófaidh sí go híochtar Sheól;alpfaidh sí an talamh agus a thoradh go léir,loiscfidh sí máithreacha na sléibhte.

23. Déanfaidh mé urchóidí a chruachadh orthu,agus is leo a chaithfidh mé mo shaigheada go léir.

24. Beidh sciobóil ghorta mar airm agam;galar agus eitinn mar nimh.Seolfaidh mé fiacla géara na n‑ainmhithe alltaagus nimh na n‑athracha talmhaí ina n‑aghaidh.

25. Lasmuigh déanfaidh an claíomh eirleach ar a gclann,agus laistigh beidh an scéin i réim.Ní mhairfidh ógfhear nó ógbhean,an leanbh cíche ná an seanduine liath.

26. “Ba chóir dom iad a scaipeadh i gcéin,” a déarfainn“agus iad a scrios ó chuimhne daoine,”

27. mura mbeadh gurb eagal liom maíomh an namhad,le heagla go dtabharfadh a n‑eascairde breith bhréagach,le heagla go ndéarfaidís: “Tá an lá lenár neart!Níl aon bhaint ag an Tiarna leis seo go léir!”

28. Is náisiún gan chomhairle iad!Níl aon tuiscint acu!

29. Dá mbeidís eagnaí, thuigfidís é seo,bheadh léamh acu ar an gcríoch atá i ndán dóibh.

30. Conas a d'fhéadfadh duine an teitheadh a chur ar mhíleagus beirt ar dheich míle,murar dhíol a gCarraig iadagus gur thug an Tiarna ar láimh iad?

31. Óir níl a gcarraigsean mar ár gCarraigne;ní himpígh ár naimhde.

32. Óir is d'fhiniúin Shodom dá bhfiniúinagus ó dhoirí Ghomorá.Caora nimhe a gcaora,crobhaingí searbha a gcrobhaingí.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 32