Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 32:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Éistigí, a spéartha, go labhraí mé!éisteadh an talamh le briathra mo bhéil.

2. Go dtite mo theagasc mar an fhearthainn;go sile mo ghlór mar an drúchtmar an fhearthainn bhog ar an bhféar bláith,agus mar cheathanna ar lusra an bháin.

3. Óir fógróidh mé ainm an Tiarna.Cuirigí in iúl mórgacht ár nDé!

4. Eisean an Charraig, níl locht ar a shaothar,mar is fíréan iad a bhealaí go léir.Dia dílis é gan éagoir;eisean an Chóir féin agus an Ceart.

5. Rinneadar coirpeacht, an chlann a ghin sé gan cháim;ál fealltach cam iad.

6. An mar sin a dhíolann sibh an comhar leis an Tiarna?Nach baoth éaganta an pobal sibh!Nach é d'athair é a chruthaigh thú,a dhealbhaigh thú agus a bhunaigh thú?

7. Cuimhnigh ar na laethanta a bhí,agus machtnaigh ar na blianta ó ghlúin go glúin.Cuir ceist ar d'athair agus tabharfaidh sé fios duitagus ar do sheanóirí agus cuirfidh siad ar an eolas thú.

8. Nuair a bhronn an Té is Airde a n‑oidhreacht ar na ciníocha,nuair a roinn sé clann Ádhaimh,leag sé síos a dteorainneacha de réir líon chlann [Dé].

9. Ach a mhuintir féin cuid an Tiarna,agus Iacób an oidhreacht a thit air.

10. Fuair sé sa díthreabh é,i bhfásach uallairte an fhiántais.Cumhdaíonn sé é, oileann é agus cosnaíonnmar mhac imreasan a shúile.

11. Mar iolar ag faire a neide,ar foluain os cionn a ghearrcach,leathann sé a sciatháin le breith airagus cuireann a eiteoga leis mar theannta.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 32