Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 3:24-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. ‘A Thiarna Dia,’ arsa mise, ‘níl ach tús déanta agat ag nochtadh do mhórgachta agus do chumhachta do do sheirbhíseach, óir cén dia ar neamh nó ar talamh ar féidir leis éachtaí agus fearta mar do chuidse a dhéanamh?

25. Lig anonn mé le do thoil chun an fearann fónta thar Iordáin a fheiceáil, fearann fónta an ardáin agus na Liobáine.’

26. Ach de bhur mbarr-sa bhí an Tiarna i bhfearg liom, agus ní thabharfadh sé aird orm. ‘Cuir uait!’ arsa an Tiarna liom. ‘Ná luaigh é sin liom a thuilleadh.

27. Gabh suas ar mhullach Phisceá, agus féach uait siar, agus ó thuaidh, agus ó dheas agus soir; bain radharc do shúl as, óir ní rachaidh tú thar an Iordáin seo.

28. Tabhair do threoracha do Iósua; tabhair misneach agus fuinneamh dó; óir eisean is ea a rachaidh sall ar cheann a phobail agus is é a thabharfaidh seilbh dóibh ar an tír ar a bhfaighidh tú radharc.’

29. D'fhanamar dá bhrí sin sa ghleann sall ó Bhéit Peór.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 3