Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 3:14-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Ó ghabh Iáir mac Mhanaise dúiche Argob go léir ar aghaidh go teorainneacha na nGisiúrach, agus na Macátach, thug sé a ainm do na bailte sin ar a dtugfar go fóill Bailte Iáir.)

15. Do Mhácaír thug mé Gileád.

16. Do na Reúbaenaigh agus do na Gádaigh thug mé an dúiche a shíneann ó Ghileád go dtí Gleann Arnón, agus lár an choma mar theorainn, agus chomh fada suas le habhainn an Iaboc, an teorainn le clann Amón.

17. An tArabá agus an Iordáin na teorainneacha síos ó Chineirit síos go Muir Arabá, Muir an tSalainn, faoi bhun sleasa Phisceá lastoir.

18. “Thug mé an t‑ordú seo daoibh an uair sin: ‘Thug an Tiarna bhur nDia an tír seo in bhur seilbh daoibh; ní foláir do bhur lucht gaile go léir airm a ghlacadh agus dul anonn ar cheann bhur mbráithre, clann Iosrael.

19. Bhur mná, bhur miondaoine, agus bhur stoc (tá a fhios agam go bhfuil a lán stoic agaibh) - iadsan amháin atá le fanacht in bhur ndiaidh sna cathracha a thug mé daoibh

20. nó go socraí an Tiarna bhur mbráithre faoi mar a shocraigh sé sibhse, agus go bhfaighe siadsan leis seilbh ar an bhfearann atá an Tiarna, bhur nDia, á thabhairt dóibh ar an taobh eile den Iordáin; fillfidh sibh ansin, gach duine chun an fhearainn a thug mé dó.’

21. Ansin thug mé an t‑ordú seo do Iósua: ‘Chonaic tú le do shúile cinn a bhfuil déanta ag an Tiarna leis an dá rí seo; tabharfaidh an Tiarna an íde chéanna ar na ríochtaí go léir a dtriallfaidh sibh chucu.

22. Ná bíodh eagla oraibh rompu; tá an Tiarna féin, bhur nDia, ag troid ar bhur son.’

23. “Rinne mé achainí ar an Tiarna faoin am seo:

24. ‘A Thiarna Dia,’ arsa mise, ‘níl ach tús déanta agat ag nochtadh do mhórgachta agus do chumhachta do do sheirbhíseach, óir cén dia ar neamh nó ar talamh ar féidir leis éachtaí agus fearta mar do chuidse a dhéanamh?

25. Lig anonn mé le do thoil chun an fearann fónta thar Iordáin a fheiceáil, fearann fónta an ardáin agus na Liobáine.’

26. Ach de bhur mbarr-sa bhí an Tiarna i bhfearg liom, agus ní thabharfadh sé aird orm. ‘Cuir uait!’ arsa an Tiarna liom. ‘Ná luaigh é sin liom a thuilleadh.

27. Gabh suas ar mhullach Phisceá, agus féach uait siar, agus ó thuaidh, agus ó dheas agus soir; bain radharc do shúl as, óir ní rachaidh tú thar an Iordáin seo.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 3