Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 3:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Ansin chasamar i dtreo Bháiseán agus ghabhamar suas ann. Agus tháinig Óg rí Bháiseán amach inár n‑aghaidh, é féin agus a mhuintir go léir, chun cath a chur in Eidreí.

2. Ach dúirt an Tiarna liom: ‘Ná bíodh eagla ort roimhe, óir thug mé é féin agus a mhuintir go léir agus a fhearann ar láimh duit; tabhair an íde chéanna air a thug tú ar Shíochon rí na nAmórach a mhair i Heisbeon.’

3. Thug an Tiarna, más ea, Óg rí Bháiseán agus a mhuintir uile ar láimh dúinn chomh maith agus phleancamar é go dtí nár fágadh fear inste scéil.

4. Ghabhamar a chathracha go léir an uair sin - níor fhágamar cathair dá gcuid nár ghabhamar - trí fichid cathair, dúiche uile Argob, ríocht Óg i mBáiseán.

5. Caisil dhaingne iadsan uile le ballaí arda, geataí, agus cuaillí - gan trácht ar bhailte na bPirizeach a bhí an-líonmhar.

6. Chuireamar faoi bhang iad mar a rinneamar le Síochon rí Heisbeon; chuireamar idir chathair is fhear agus bhean agus pháiste go léir faoi bhang.

7. Ach thugamar stoc agus spré na gcathracha sin linn mar chreach.

8. Ghabhamar an uair úd, dá réir sin, fearann an dá rí Amórach lastall den Iordáin, ó Ghleann an Arnón go Sliabh Haermón

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 3