Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 29:7-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Nuair a shroich sibh an áit seo tháinig Síochon rí Heisbeon agus Óg rí Bháiseán amach chun cath a chur inár n‑aghaidh, ach bhriseamar orthu.

8. Ghabhamar a dtír agus thugamar é mar oidhreacht do threibh Reúbaen agus do threibh Ghád agus do leath-threibh Mhanaise.

9. “Coimeádaigí dá bhrí sin briathra an chonartha seo agus comhlíonaigí iad, agus rithfidh libh i ngach ní dá ndéanfaidh sibh.

10. Tá sibh uile in bhur seasamh anseo inniu i láthair an Tiarna bhur nDia - taoisigh bhur dtreibheanna, bhur seanóirí, bhur scríobhaithe, fir Iosrael go léir,

11. bhur miondaoine, bhur mná, an deoraí i do champa - idir fhear gearrtha conaidh duit agus fhear tarraingthe uisce -

12. agus tá tú ar tí dul i gconradh faoi mhionnaí leis an Tiarna do Dhia, conradh atá an Tiarna do Dhia a dhéanamh leat inniu,

13. le pobal leis féin a dhéanamh díot inniu, agus Dia a dhéanamh de féin duit, faoi mar a gheall sé duit féin agus a mhionnaigh sé do d'aithreacha d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób.

14. “Ní libh féin amháin a dhéanaim an conradh faoi mhionnaí inniu,

15. ach leis siúd nach bhfuil anseo linn inniu chomh maith céanna leis siúd atá ina sheasamh anseo linn i láthair an Tiarna ár nDia.

16. “Tá aithne agaibh orthu siúd ar chónaíomar ina measc san Éigipt, iad siúd ar ghabhamar trína dtailte, na ciníocha ar ghabhamar tríothu,

17. agus chonaic sibh a ngráiniúlachtaí agus na híola adhmaid agus cloiche agus airgid agus óir a bhí acu ina measc.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 29